Cé Thú Féin Anyways? Siobhain Grogan.

Siobhain Grogan, Cill Dara le Gaeilge (ar dheis) le Deirdre Ní Choistín, TG4

Cé thú féin anyways?

Is mise Siobhain Grogan, tuismitheoir triúir, cathaoirleach Chill Dara le Gaeilge agus Uisce for Gaza. 

Cárbh as tú?

Tógadh i Nás na Ríogh mé agus táim fós ann!

Cárbh as do chuid Gaeilge?

Tháinig mé ar ais chuig an nGaeilge mar dhuine fásta. Níor thuig mé tábhacht na Gaeilge nuair a bhí mé ar scoil. Chuaigh mé go Coláiste Chamuis ag deireadh an 5ú bliain ar feadh trí seachtaine. Bhí sé ródhéanach chun m’ardteist a shábháil, ach thuig mé go raibh i bhfad níos mó Gaeilge agam ná mar a cheap mé. Thug sé misneach dom go mbeinn in ann í a fhoghlaim ina dhiaidh sin.

An bhfuil deiseanna agat do chuid Gaeilge a úsáid le déanaí?

Tá an t-ádh dearg orm. Labhraím Gaeilge gach uile lá. Thógamar ár bpáistí le Gaeilge agus bhog mé ó scoil lánBhéarla go scoil lánGhaeilge chun mata a mhúineadh seacht mbliana ó shin. Tá rud éigin an-speisialta faoi bheith i measc daoine óga agus Gaeilge á labhairt ag gach duine! Chomh maith leis sin, tá pobal láidir inár gceantar anois agus go leor daoine breá sásta Gaeilge a labhairt. 

Céard atá ag tarlú leat go luath?

Táim díreach tar éis éirí as mo phost mar mhúinteoir! Mar sin, beidh tuilleadh ama agam do mo theaghlach agus d’obair Chill Dara le Gaeilge agus Uisce for Gaza agus b’fhéidir go mbeidh deis nó dhó eile amach ansin dom! 

Tá Cill Dara le Gaeilge ag obair i dtreo aitheantas náisiúnta mar cheantar líonra Gaeilge do Nás na Ríogh agus na Sollán. Táimid ag obair le Comhairle Contae Chill Dara chun Cultúrlann Chill Dara a bhunú freisin. Tá sé an-tábhachtach go bhfuil áit shabháilte agus nádúrtha ann do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid, is cuma cén leibhéal Gaeilge atá acu. Beidh béim ar leith againn ar dhaoine óga agus daoine nua sa tír freisin. Tá neart ar siúl againn!

Bunaíodh Uisce for Gaza i mí Lúnasa 2024 mar fhreagairt éigeandála ar an ngéarchéim in Gaza. Faraor, níl an ghéarchéim thart, i ndáiríre tá rudaí níos measa. Táim fíorbhuíoch as an tacaíocht in Éirinn agus thar lear a fhaigheann Uisce for Gaza?. Rud spéisiúil ná go bhfeicim roinnt daoine atá gníomhach i gcoinne an chinedhíothaithe atá anois tar éis teacht ar ais chuig an nGaeilge mar go bhfuil tuiscint níos fearr acu ar an gcóilíneachas agus na himpleachtaí fadtéarmacha a thagann leis. Beatha teanga í a labhairt!

Tuilleadh eolais faoi Cill Dara le Gaeilge ag

https://www.idonate.ie/crowdfunder/UisceForGaza

Tuilleadh eolais faoi Cill Dara le Gaeilge ag www.cilldaralegaeilge.ie

Buíochas ó chroí le Siobhain Grogan. Caithfidh mé a rá tá Siobhain agus Cill Dara le Gaeilge ag déanamh sár-obair ar son na cúise!

Lean ar Siobhain Grogan na meáin shóisialta

Bluesky @siobhaingrogan.bsky.social

Cogar @SiobhainGrogan

X/Twitter @SiobhainGrogan

Instagram @Siobhain101

Lean ar IrishLanguageMatters na meáin shóisialta

Agus @derekholly7 ar Aip ‘Cogar’

Leave a comment here!